Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuain agus Céanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 February 2006

Tuesday, 28 February 2006

Ceisteanna (320)

Dinny McGinley

Ceist:

350 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas déanta chun na Roinne le haghaidh cé d’Inis Bó Finne, Dún na nGall, cén uair a fuarthas an t-iarratas, an bhfuil meastachán déanta i dtaobh costas agus an bhfuil sé beartaithe deontas a cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7908/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon iarratas faighte ag mo Roinnse ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh le haghaidh Cé Inis Bó Finne a fhorbairt. Tuigtear, áfach, go bhfuil an chomhairle chontae ag obair ar na ceadúnais reachtúla a fháil i leith na forbartha seo.

Ach iarratas a bheith faighte, déanfar é a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil dom le caitheamh faoi Chlár Oibre na nOileán 2006-07 agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.

Barr
Roinn