I 2001, ar iarratas ó mo Roinnse, chuir Comhairle Chontae Dhún na nGall réamh-thuarascáil ar fáil maidir le forbairt na saoráidí calaíochta ag Rannach, Oileán Árainn Mhór. Moladh dhá rogha sa tuarascáil sin, i.e., síneadh 30m a chur leis an gcé atá ann faoi láthair ar chostas €1.5m, nó síneadh 65m a chur léi ar chostas €3m. Dheimhnigh an tuarascáil chomh maith gur chun sochair thionscal na hiascaireachta áitiúla a rachadh aon fhorbairt nua ag an láthair seo.
Tá iarratas faighte ag mo Roinn ón gComhairle Chontae maidir le costais deartha agus ullmhú doiciméad conartha don togra seo agus tá an t-iarratas sin á mheas faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt céanna ar na hoileáin sna blianta amach romhainn agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.