Níos luaithe i mbliana, fuair mo Roinn iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh le haghaidh oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar Ché Inis Bó Finne ar chostas measta de €300,000. Iarradh ar an gComhairle Chontae, ag an am sin, tairiscintí a lorg don obair ionas go mbeifí in ann an t-iarratas ar chúnamh a mheas bunaithe ar chostas cruinn, seachas costas measta.
Tuigtear go bhfuil na tairiscintí a fuarthas i gcomhair an togra seo á meas ag an gComhairle Chontae faoi láthair agus go bhfuil i gceist iarratas nua a dhéanamh le mo Roinnse go luath. Ach an t-iarratas sin bheith faighte, déanfar é a mheas i gcomhthéacs an airgid a bheidh ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt oileán agus nan-éileamh éagsúla ar an airgead sin.