Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fostaíocht Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 December 2006

Wednesday, 6 December 2006

Ceisteanna (258)

Dinny McGinley

Ceist:

283 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna le breis fostaíochta a chur ar fáil í gCeantar na Gaeltachta Láir Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41862/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 351 den 28 Feabhra 2006 inar míníodh go raibh iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun tionscnaimh bhreise a aimsiú don Ghaeltacht Láir i gContae Dhún na nGall. Sa chomhthéacs sin, tuigtear dom go bhfuil dhá ionad (spás c. 1,300 m2 agus c. 300 m2) ar fáil ag an Údarás do thograí sa cheantar. Ní miste a lua freisin go bhfuil scéimeanna fostaíochta pobail á reáchtáil go háitiúil faoi choimirce an Údaráis, mar aon le scéimeanna sóisialta tuaithe atá á maoiniú ag mo Roinn féin.

Mar thoradh ar na gníomhaíochtaí leanúnacha atá ar bun ag an Údarás, ag mo Roinn féin agus ag an Stát i gcoitinne i ndáil le hinfrastruchtúr agus seirbhísí, tá tionchar dearfach á imirt ar chúrsaí fostaíochta, eacnamaíochta agus sóisialta araon. I measc tionscadal áitiúla den chineál sin, áirím Ionad Cholmcille (ionad lae, ionad sláinte agus naíonra) i mBaile na Finne, Comhlacht Traenach na Gaeltachta Láir Teoranta, agus Ionad Sláinte agus Lae i nGleann Fhinne.

Barr
Roinn