Wednesday, 3 December 2008

Ceisteanna (201, 202, 203, 204, 205, 206, 207, 208, 209)

Ruairí Quinn

Ceist:

252 D’fhiafraigh Deputy Ruairí Quinn den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé fós i gceist, i bhfianaise na gciorruithe Rialtais a bhí ann le déanaí, go mbeidh tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge mar a fógraíodh i Márta 2007 (sonraí tugtha) faoi choimirce na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta suite i gColáiste Íosagáin, áit a sannfaí ceathrar ball foirne breise don Chomhairle chun na críche sin; cén uair a bheidh sonraí ar fáil ón Roinn faoi ghrádú na bpost sin; cathain a bhí cruinniú ag an gcoiste comhordaithe, atá comhdhéanta d’ionadaithe ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chun comhairle a thabhairt maidir le gnéithe comhoibrithe den obair fhoriomlán atá le cur i gcrích; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44233/08]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa (Ceist ar Minister for Education and Science)

D'fhógair mo chomhghleacaí comhaireachta, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an tAire a chuaigh romham Mary Hanafin i Márta 2007 go mbeidh tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge faoi choimirce na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta lonnaithe i gColáiste Íosagáin agus go sannfar ceathrar ball foirne breise don Chomhairle chun na críche seo. Tá mo Roinnse i mbun pléanna leanúnacha leis an Roinn Airgeadais maidir le grádú na bpost seo, agus measaim go mbeidh ról an-tábhachtach ag an dtionscnamh seo i bhfeabhsú chaighdeán múinte agus foghlama na Gaeilge in ár scoileanna.

Dar ndóigh caithfear coinneáil le gach clár atá arna maoiniú ag an Roinn, an réimse seo san áireamh, a athbhreithniú i gcónaí i bhfianaise staid an airgeadais phoiblí de réir mar a éabhlóidh sé. Tá coiste Comhordaithe déanta suas d'ionadaithe ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge curtha ar bun chun comhairle a thabhairt ar eilimintí comhoibrithe na hoibre foriomláine atá le cur i gcrích. Bhí 10 gcruinniú ag an gcoiste seo go dtí seo. Tá tacar moltaí comhaontaithe do chur chun cinn na Gaeilge curtha faoi bhráid mo Roinne agus na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag an nGrúpa chomh maith.

Ruairí Quinn

Ceist:

253 D’fhiafraigh Deputy Ruairí Quinn den Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfadh sé athmhachnamh ar an moladh go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachais agus faoin tumoideachas, ní mar bhliain sa bhreis den chlár réamhsheirbhíse do bhunmhúinteoirí ach thar thréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna mar chuid lárnach den traenáil a fhaigheann siad cheana féin, sna sála ar an ráiteas a rinne sé ag comhdháil Ghaelscoileanna ar an 15 Samhain 2008 inar dúirt sé gur chreid sé gur córas an-fhiúntach é an tumoideachas do bhuanú na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44234/08]

Amharc ar fhreagra

B'fhéidir go bhfuil a fhios ag an dTeachta go bhfuil ról reachtúil ag an gComhairle Múinteoireachta maidir le hathbhreithniú ar na caighdeáin atá de dhíth d'iontráil i ngairm na múinteoireachta, lena n-áirítear na caighdeáin eolais, scile agus cumais atá de dhíth do chleachtas na múinteoireachta. Tá tús curtha ag an gComhairle leis an obair maidir leis seo agus cuirfidh sí straitéis ar fáil d'athbhreithniú ar chláracha oiliúna tosaigh múinteoirí.

Chuige seo, d'eagraigh an Chomhairle sraith d'fhóraim comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara san oideachas i mbliana, agus leanfaidh an Chomhairle den chomhairliúchán le páirtithe oideachais, mo Roinnse san áireamh, le linn a cuid oibre. Beidh cumas an mhúinteora sa Ghaeilge ina buncheist don Chomhairle agus a cuid oibre idir lámha aici.

Ruairí Quinn

Ceist:

254 D’fhiafraigh Deputy Ruairí Quinn den Aire Oideachais agus Eolaíochta an aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le leanúnachas ó leibhéal go leibhéal scolaíochta, go háirithe i gcúrsaí gaelscolaíochta; an dtugann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta aitheantas oifigiúil don cháipéis de chuid Ghaelscoileanna Teo., Plean do Bhunú Gaelscolaíochta 2007–2017, ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh teacht ag gach dalta sa bhunscolaíocht lán-Ghaeilge ar sholáthar cuí iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge, agus go mbeidh breis comhoibrithe struchtúrtha idir scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal i gceantair ina bhfuil éileamh ar an ngaeloideachas chun leanúnachas a chothú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44235/08]

Amharc ar fhreagra

Brian Hayes

Ceist:

265 D’fhiafraigh Deputy Brian Hayes den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair go díreach a bheidh an Mheitheal Oibre Theicniúil faoin gCoimisiún um Chóiríocht Scoileanna ag teacht le chéile chun obair athbhreithnithe maidir leis na gnásanna le haghaidh bunú bunscoileanna úra a phlé den chéad uair; an mbeidh an Mheitheal Oibre Theicniúil freagrach do rúnaíocht an Choimisiúin, don Aire féin nó do státseirbhíseach sinsearach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44275/08]

Amharc ar fhreagra

Brian Hayes

Ceist:

266 D’fhiafraigh Deputy Brian Hayes den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhféachfaidh sé chuige go n-aithneoidh an Mheitheal Oibre Theicniúil faoin gCoimisiún um Chóiríocht Scoileanna go bhfuil sainriachtanais ar leith agus nádúr uathúil ag baint le soláthar na gaelscolaíochta agus, dá réir sin, go mbeidh coinníollacha eisceachtúla ag baint le bunú gaelscoileanna chun an méid sin a chur i gcuntas nuair a fhoilseoidh an Coimisiún tuairisc athbhreithnithe ar na gnásanna le haghaidh bunú bunscoileanna úra laistigh de fhráma ama dhá bhliain; go gcinnteofar go bhfanfaidh an líon íosta daltaí gaelscolaíochta mar atá, ar líon iomlán inmharthana é i gcás na gaelscolaíochta agus ar líon é atá riachtanach d’fhorbairt na hearnála sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44276/08]

Amharc ar fhreagra

Brian Hayes

Ceist:

267 D’fhiafraigh Deputy Brian Hayes den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcinnteoidh sé go leanfar den status quo i dtaobh aitheantas sealadach a bhronnadh ar scoileanna do na coistí bunaithe ar fad atá ag obair i dtreo oscailt gaelscoile i Meán Fómhair 2009 agus a bhfuil bearta oifigiúla glactha acu mar chuid den phróiseas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44277/08]

Amharc ar fhreagra

Brian Hayes

Ceist:

268 D’fhiafraigh Deputy Brian Hayes den Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sé ceist aitheantais scoile don bhliain acadúil seo chugainn a shoiléiriú i bhfianaise an athbhreithnithe atá ar bun aige, maidir leis na gnásanna le haghaidh bunú bunscoileanna úra, trí shonraí a thabhairt faoi na ceantair atá sainaitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar cheantair i mbéal forbartha; an dtabharfaidh sé sainmhíniú beacht ar céard is brí le fás déimeagrafach ó thaobh an athbhreithnithe de chun gur féidir leis na scoileanna atá ag feitheamh le hoscailt in 2009 a fhios a bheith acu an dtagann siad faoi réim an tsainmhínithe sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44278/08]

Amharc ar fhreagra

I propose to take Questions Nos. 254 and 265 to 268, inclusive, together.

D'fhógair mé le déanaí athbhreithniú ar na gnásanna do bhunú bunscoileanna úra faoin gCoimisiún um Chóiríocht Scoile. Táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar na gnásanna d'aithint bunscoileanna críochnaithe agus go mbeidh socruithe athbhreithnithe ar bun laistigh de fhráma ama dhá bhliana. Tá 18ú Nollaig, 2008 socraithe mar dháta do chruinniú idir oifigigh sinseartha de chuid mo Roinne agus baill den Mheitheal Oibre Teicniúil agus de Ghrúpa Stiúrtha an Choimisiúin araon chun tabhairt faoin athbhreithniú seo.

Táim ag súil go dtabharfar aghaidh ar nithe dena leithéid siúd a luaigh an Teachta mar chuid den phróiseas athbhreithnithe. Tuairisceoidh an Mheitheal Oibre Theicniúil do Ghrúpa Stiúrtha an Choimisiúin agus ba ghnáth nós é go n-eiseodh an dá ghrúpa tuairiscí deiridh agus go ndéanfaidís moltaí domsa tar éis dóibh an t-athbhreithniú a chríochnú.

San idirlinn níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna úra ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh ar na méaduithe i líon na ndaltaí iontu insna scoileanna atá ann cheana, agus inar gá scoileanna úra a sholáthar. Is ionann sin agus a rá nach mbunófar scoileanna úra ar fháthanna nach mbaineann le fás deimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair.

Tá an Rannóg Pleanála Chun Cinn i mo Roinne gafa faoi láthair leis na ceantair ina mbeidh cóiríocht bhreise scoile ag teastáil go suntasach ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal do 2009 agus amach as sin a shainaithint, agus comhroinnfear na sonraí seo le comhlachtaí Pátrúnachta na scoileanna agus leis na comhpháirtithe oideachais. I measc na bhfachtóirí atá á machnamh tá fás sa daonra, treochtaí deimeagrafacha, rolluithe reatha agus rolluithe réamh-mheasta, forbairtí tithíochta a tharla le déanaí agus atá pleanáilte, agus cumas na scoileanna atá ann cheana freastal ar an éileamh ar ionaid. Tar éis do na fachtóirí seo a bheith machnaithe, déanfar cinneadh faoin mbealach is fearr chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn i gceantar.

Ruairí Quinn

Ceist:

255 D’fhiafraigh Deputy Ruairí Quinn den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta ag an gComhairle Múinteoireachta ar Ráiteas Beartais maidir le Leanúntas Oideachas Múinteoirí agus ar an mBeartas maidir le hAthbhreithniú ar Chláracha Oideachas Múinteoirí go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44236/08]

Amharc ar fhreagra

Tá tús curtha ag an gComhairle Múinteoireachta lena cuid oibre maidir lena Páipéar Polasaí ar Leanúntas Oideachas Múinteoirí agus a Straitéis d'Athbhreithniú agus Creidiúnú Chláracha Oiliúna Tosaigh Múinteoirí. D'eagraigh an Chomhairle sraith d'fhóraim comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara san oideachas i mbliana. Cuireadh Dréacht-Chreatlach do Straitéis na Comhairle Múinteoireachta d'Athbhreithniú agus Creidiúnú Chláracha Oiliúna Tosaigh Múinteoirí agus breac-chuntas ar an bPáipéar Polasaí ar Leanúntas Oideachas Múinteoirí i láthair agus lorgaíodh aiseolas. Meastar go seolfar an dréacht deiridh den dá cháipéis chuig an Aire agus na soláthróirí oiliúna múinteoirí go luath sa bhliain 2009.

Cuirfear an Straitéis d'Athbhreithniú agus Creidiúnú Chláracha Oiliúna Tosaigh Múinteoirí ar bhonn trialach sa bhliain 2009 agus samhlaítear go ndéanfar é a nuashonrú i bhfianaise an aiseolais a gheofar. Meastar go seolfar an Straitéis deiridh sa bhliain 2010.

Ruairí Quinn

Ceist:

256 D’fhiafraigh Deputy Ruairí Quinn den Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé gur chóir go bhforbrófaí beartas comhaontaithe maidir leis an luath-thumoideachais agus go gcuirfí clár inseirbhíse i bhfeidhm chun tacú leis an luath-thumoideachas céanna, clár a bheadh riachtanach do gach múinteoir fostaithe den chéad uair i ngaelscoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44237/08]

Amharc ar fhreagra

Tugann mo Roinn tacaíocht iomlán do mhúnlaí tumoideachais ina múintear gach ábhar seachas Béarla trí mheán na Gaeilge i suíomh ina mbíonn rochtain ag páistí ar an gcuraclam ina iomláine ón staid is luaithe is féidir. Soláthraíonn an cur chuige seo leibhéal tumtha sa Ghaeilge de 88%-90% i nGaelscoileanna. Cuirtear deiseanna forbartha gairmiúla ar fáil do mhúinteoirí tríd an tionscnamh Tús Maith ag leibhéal na bunscoile agus tríd An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Is dócha go bhfuil a fhios ag an dTeachta go bhfuil ról reachtúil ag an gComhairle Mhúinteoireachta i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá riachtanach chun dul le gairm na múinteoireachta, caighdeáin an eolais, na scileanna agus na n-inniúlachtaí atá riachtanach don mhúinteoireachta san áireamh. Tá tús curtha ag an gComhairle lena cuid oibre sa réimse seo agus cuirfidh an Chomhairle straitéis ar fáil chun athbhreithniú a déanamh ar chláir do réamhoiliúint mhúinteoirí. Beidh inniúlacht Ghaeilge an mhúinteora ina saincheist lárnach ag an gComhairle agus í i mbun na hoibre seo.

Ina theannta sin, tá Coiste comhaireachta ar an nGaeilge bunaithe chun iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí is fearr le seasamh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tsochaí go ginearálta a neartú.