Foilsitheoirí oideachasúla a sholáthraíonn téacsanna agus acmhainní do scoileanna de ghnáth ar bhonn tráchtála. Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta bunaithe ag mo Roinn chun críche comhairle faoi pholasaí, taighde, seirbhís tacaíochta agus téacsanna agus ábhair a chur ar fáil chun tacú le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge. Tá eolaire fairsing acmhainne foilsithe ag an gComhairle de na hábhair atá ar fáil anois chun tacú le múineadh ábhar trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal agus tá leabharlann veain aici i dtreo is gur féidir le scoileanna a fheiceáil dóibh féin céard tá le fáil.
Tá sé glactha leis go bhfuil gá le clár céimnithe Gaeilge do scoileanna ag teagasc trí mheán an Bhéarla, agus tá mo Roinn ag fiosrú faoi láthair na bealaí a bhféadfaí tabhairt faoin gceist seo laistigh de na hacmhainní atá le fáil, agus cén chaoi a bhféadfaí cur chuige uile-oileáin a chur chun cinn i dtaca le soláthar acmhainní oideachasúla don Ghaeilge go ginearálta. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, ní meastar forbairt den saghas sin a bheith ina tosaíocht.