Brian Hayes
Ceist:277 D’fhiafraigh Deputy Brian Hayes den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a bheas an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag brú chun cinn leis an Ionad Náisiúnta Oideachais i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a gheall Airí Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 1999 agus arís i Meitheamh 2000, i bhfianaise riachtanas na tacaíochta inghairme do mhúinteoirí Gaeilge, bunleibhéal agus dara leibhéal, agus a riachtanaí atá sé scéimeanna tacaíochta atá dírithe ar earnáil na scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta a leathnú; caighdeán Gaeilge ábhar oidí i gcoitinne a fheabhsú; taighde leanúnach a dhéanamh ar mhúineadh na teanga; oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do lucht comhairle agus pleanála san oideachas; áiseanna teagaisc a fhorbairt toisc easpa réimse leathan d’áiseanna teagaisc don Ghaeilge, ag leibhéal na hiarbhunscoile go háirithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26635/09]
Amharc ar fhreagra