Is féidir gur eol don Teachta go bhfuil ról reachtúil ag an gComhairle Múinteoireachta maidir le hathbhreithniú na gcaighdeán a theastaíonn i gcomhair iontrála ar ghairm na múinteoireachta, ar a n-áirítear na caighdeáin eolais, scile agus inniúlachta a theastaíonn do chleachtas na múinteoireachta. Tá a cuid oibre maidir leis an athbhreithniú seo tosaithe ag an gComhairle agus cuirfidh sí amach Straitéis d'Athbhreithniú agus Creidiúnú Clár Oideachas Tosaigh Múinteoirí. Chun na críche seo, reáchtáil an Chomhairle sraith fóram comhairleach do pháirtithe leasmhara san oideachas i bhFeabhra agus i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite, agus tá an Chomhairle ag leanúint uirthi ag dul i gcomhairle leis na Comhpháirtithe Oideachais, mo Roinnse ina measc, maidir leis an Straitéis.
Tá raon beart curtha i bhfeidhm ag mo Roinn a bhfuil sé d'aidhm acu torthaí a fheabhsú maidir le foghlaim na Gaeilge agus inniúlacht inti. Tá an tionscnamh Tús Maith ag an mbunleibhéal ina chuid den tSeirbhís Forbartha Gairme Bunoideachais. Is iad an dá aidhm ná feabhas a chur ar mhúineadh na Gaeilge agus ar inniúlacht agus féin-mhuinín múinteoirí na Gaeilge.
Soláthraíonn cuiditheoirí Tús Maith raon tacaíochtaí do mhúinteoirí, tacaíocht sa seomra ranga, tacaíocht scoile uile agus ceardlanna agus gníomhaíochtaí teangabhunaithe iarscoile san áireamh. Tá an fhoireann faoi láthair ag obair le Spriocscoileanna ag cur diantacaíochta marthanaí ar fáil a mbíonn ardleibhéil tionchair mar thoradh uirthi.
Ag leibhéal an iarbhunoideachais tá seirbhís tacaíochta sainiúil ábhar don Ghaeilge bunaithe ó Mheán Fómhair i leith.
Tá an tseirbhís ina cuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal a chuireann ar fáil tacaíocht cláir agus curaclach sainiúil don ábhar, agus tacaíocht don mhúinteoireacht agus don fhoghlaim go ginearálta i scoileanna dara leibhéal.
Soláthraíonn an tseirbhís tacaíochta don Ghaeilge tacaíocht d'fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí Gaeilge agan dara leibhéal go ginearálta agus tacaíocht do mhúineadh agus d'fhoghlaim gach gné de na siollabais Gaeilge.
Tá roinnt cúrsaí ann chomh maith a bhfuil sé d'aidhm acu inniúlacht sa Ghaeilge a mhéadú tríd an gclár "Cúrsaí Samhraidh" a reáchtáiltear tríd an ngréasán lárionad oideachais agus bíonn roinnt díobh seo ar siúl sa Ghaeltacht. Ina theannta sin, coinnítear cuóta ionad gach bliain insna Coláistí Oideachais d'iarratasóirí as ceantair Gaeltachta.