Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 February 2010

Thursday, 18 February 2010

Ceisteanna (23, 24, 25)

Brian O'Shea

Ceist:

18 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil díospóireacht leathan phoiblí ar siúl i leith na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [8358/10]

Amharc ar fhreagra

Brian O'Shea

Ceist:

20 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén clár ama atá aige maidir leis an dréacht deiridh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8357/10]

Amharc ar fhreagra

Eamon Gilmore

Ceist:

27 D’fhiafraigh Deputy Eamon Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon chinneadh déanta aige leasuithe a dhéanamh ar an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8359/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 18, 20, agus 27 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, tá an dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas agus curtha os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú.

Tuigim gur pléadh an dréacht-Straitéis ag cruinniú den Chomhchoiste ar 20 Eanáir 2010, nuair a tugadh cuireadh d'eagraíochtaí áirithe Gaeilge a dtuairimí a chur in iúl. Tuigim freisin go mbeidh cruinniú eile den Chomhchoiste á tionól i nGaeltacht na Gaillimhe ar 26 Feabhra agus go bhfuil cuireadh tugadh d'eagraíochtaí Gaeltachta teacht os a chomhair.

Is é mo thuairim ná gur céim shuntasach eile í seo sa phróiseas leathan comhairliúchán atá curtha ar bun maidir leis an dréacht-Straitéis seo. Go dtí seo, reáchtáladh dhá shraith de chruinnithe poiblí ar fud na tíre, chomh maith le suirbhé ar-líne agus teagmhálacha díreacha le páirtithe leasmhara sna hearnálacha poiblí agus deonacha. Tuigtear dom gur féidir teagmháil a dhéanamh leis an gComhchoiste go díreach má tá tuairimí nó moltaí ag eagraíochtaí nó daoine maidir leis an dréacht-Straitéis.

Mar a thuigfidh na Teachtaí, go dtí go mbeidh an próiseas breithnithe tugtha chun críche ag an gComhchoiste, ní bheadh sé cuí domsa aon chinneadh a ghlacadh maidir le leasuithe ar an dréacht-Straitéis a mheas, ná clár ama a shonrú maidir le foilsiú na Straitéise féin.

Barr
Roinn