Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bóithre Straitéiseacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 June 2010

Tuesday, 1 June 2010

Ceisteanna (338)

Dinny McGinley

Ceist:

356 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh airgead á chur ar fáil i mbliana chun leanúint ar aghaidh le forbairt na mbóithre straitéiseacha Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [23375/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá soláthar de €2m curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne i 2010 chun bonneagar na Gaeltachta a fheabhsú, ar a n-áirítear bóithre, muiroibreacha agus grúpscéimeanna uisce. I gcomhthéacs na ngealltanas éagsúla atá ar láimh cheana féin i ndáil le feabhsúcháin den chineál seo, áfach, ní léir dom go mbeidh ar chumas mo Roinne-se deontais bhreise a cheadú i leith Bóithre Straitéiseacha sa Ghaeltacht sa ghearr-thréimhse.

Barr
Roinn