Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Deontais

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 June 2010

Tuesday, 1 June 2010

Ceisteanna (339)

Dinny McGinley

Ceist:

357 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ag a Roinn ar dheontas do thionscnamh (sonraí tugtha); cén dáta ar ar fuarthas an t-iarratas; an bhfuil an t-iarratas á mheas faoi láthair; agus cén uair a dhéanfar cinneadh ina leith. [23376/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá iarratas ag mo Roinn ar dheontas i leith an tionscadail atá luaite ag an Teachta ó mhí an Mhárta 2006. Is amhlaidh go raibh oifigigh de chiuid mo Roinne-se i gcumarsáid leis an iarratasóir faoi nithe éagsúla den tionscadal ó shin. Tar éis an t-iarratas a scrúdú, iarradh ar an iarratasóir athbhreithniú a dhéanamh ar scála na forbartha d'fhonn an costas a laghdú. Chomh maith leis sin, tá mo Roinn fós ag fanacht ar eolas eile ón gcoiste atá i gceist.

Ní miste a lua, áfach, nuair a cuirtear na cúinsí eacnamaíocha faoi láthair san áireamh, nach léir go bhféadfaí a bheith dóchasach go mbeidh ar chumas mo Roinne-se deontas a cheadú sa chás seo sa ghearr-thréimhse.

Barr
Roinn