D'oibrigh scoileanna i gceantair Ghaeltachta riamh anall an sceideal céanna foirne le scoileanna eile chun críche post múinteoir ranga a chruthú ag an mbunleibhéal. Bhí sceideal beagán níos fabhraí i bhfeidhm chun ceadú do scoileanna Gaeltachta post a choimeád idir na Bandaí de cheathrar agus dáréag múinteoir ranga. Maidir leis an mbeart buiséadach chun líon na ndaltaí a mhéadú a theastaíonn chun post múinteoir ranga a fháil nó a choimeád i mbunscoil, caitheann sé sa chaoi chéanna leis na bunscoileanna go léir den mhéid seo, is cuma cén áit a bhfuil siad suite. Beidh feidhm ag tairseach níos ísle i gcás na scoileanna DEIS Banda 1 go léir, san áireamh iad siúd atá suite i gceantair Ghaeltachta.
Os rud é go n-oibríonn an sceideal foirne ar bhonn bandaí rollaithe, táthar ag súil go mbeidh an líon céanna múinteoirí ranga agus atá acu faoi láthair ag formhór na scoileanna beaga, san áireamh iad siúd atá suite i gceantair Ghaeltachta, i Meán Fómhair 2012. Tiocfaidh méadú ar mheánmhéid na ranganna sa líon sách beag de scoileanna a mbeidh tionchar ag an mbeart buiséadach orthu. Fiú tar éis na mbeart buiséadach, áfach, beidh meánmhéideanna níos fearr ranga acu i gcónaí ná mar a bheidh go tipiciúil ag scoileanna móra nó scoileanna de mhéid mheasartha. Ag uair seo an ghanntanais inár gcuid airgeadais phoiblí ní mór dúinn a chinntiú go n-úsáidtear na hacmhainní rí-luachmhara atá le fáil don chóras oideachais, ach go bhfuil siad teoranta, sa chaoi is fearr gur féidir.