Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár Forbartha Áitiúil

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2012

Tuesday, 31 January 2012

Ceisteanna (23)

Brian Stanley

Ceist:

58 D’fhiafraigh Brian Stanley den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis soiléiriú a thabhairt maidir le todhchaí Arramara Teo. [5186/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a chuir mé in iúl i mo fhreagra ar Cheist Dála 42 ar 24 Samhain 2011, tá próiseas idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun páirtnéir straitéiseach a lorg d'Arramara Teo, comhlacht atá faoi lán-úinéireacht an Údaráis ón mbliain 2006. Tuigtear dom ón Údarás go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh leis an bpróiseas, atá anois ag an staid go bhfuiltear ag aithint an "táirgeoir is dealraithí a roghnófar". Tuigtear dom fosta go bhfuiltear ag súil leis an gcuid sin den phróiseas a bheith críochnaithe faoi Aibreán 2012.

Aithníonn an tÚdarás an poitéinseal fáis agus forbartha atá ag an earnáil próiseála feamainne agus tá mé dóchasach, dá bharr, go rachaidh an próiseas atá idir lámha chun leasa an chomhlachta, a chuid fostaithe, lucht bainte feamainne agus na hearnála i gcoitinne.

Barr
Roinn