Is féidir liom comhairle a thabhairt don Teachta Dála go bhfuil an Treoir maidir le hOibrithe Gníomhaireachta á trasuí trí reachtaíocht príomha atá roimh Thithe an Oireachtais faoi láthair. Is tosaíocht mo Roinne é an Bille um Chosaint Fostaithe (Oibrithe Gníomhaireachta) 2011. Chríochnaigh an Bille an Dara Céim sa Dháil an 19ú Eanáir agus tá Céim an Choiste sceidealta don dara lá Feabhra 2012.
Á chur i gcás rith an Bhille trí gach céim sa Dháil go luath i mí Feabhra, leanfaidh sé ar bhreithniú gach céim roimh an Seanad. Is é an cuspóir ná rith an Bhille a chinntiú ar dháta achtú is luaithe is féidir.