I dtús báire, is mian liom a mhíniú go bhfuil an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá ar siúl faoi láthair, á stiúradh ag mo Roinnse. Fuair mo Roinn timpeall 1,400 freagra ar an suirbhé agus 240 aighneacht ó pháirtithe leasmhara le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí ar an athbhreithniú ar tháinig deireadh leis ar an 31 Eanáir 2012. Tá anailís ar na moltaí a fuarthas ar siúl ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Mar chuid den athbhreithniú, tá comhairle á glacadh leis an iliomad páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus an pobal i gcoitinne. Faoi réir théarmaí tagartha an athbhreithnithe, is féidir leas a bhaint freisin as saineolaithe seachtracha, saineolaithe acadúla agus idirnáisiúnta san áireamh, de réir mar is cuí. Is fiú a lua fosta go dtabharfar aird ar dhea-chleachtas i dtaca le soláthar seirbhísí teanga ag comhlachtaí poiblí i ndlínsí eile, faoi réir théarmaí tagartha an athbhreithnithe.