Ar an 7 Feabhra 2012, thóg an Rialtas cinneadh an Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht. Tá dhá phríomh-aidhm leis an mBille seo — sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Foilseofar an Bille chomh luath agus is féidir. Tá sé i gceist faoin reachtaíocht seo go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht agus beidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta Ghaeltachta aitheantas reachtúil Gaeltachta a bhaint amach, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu. Déanfar na critéir seo a leagan síos in orduithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.