Tá líon na ndaltaí bunscoile de réir chontae curtha ar fáil i nDaonáireamh Bliantúil na Scoileanna Náisiúnta. Táthar ag tabhairt an daonáirimh don bhliain reatha (2011-12) chun críche faoi láthair, agus foilseofar na torthaíar shuíomh gréasáin mo Roinne níos déanaí i mbliana. Sa scoilbhliain 2010-11 bhí 6,868 dalta ag freastal ar bhunscoileanna príomhshrutha agus bhí 177 dalta ag freastal ar scoileanna speisialta. Níl réamh-mheastacháin ar rollú le fáil ach ag an leibhéal násiúnta agus tá fáil orthu ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag an nasc seo a leanas, www.education.ie/home/ home.jsp?pcategory=17216&ecategory=52107&language=EN.