Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tógála Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 April 2012

Wednesday, 18 April 2012

Ceisteanna (326)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

323 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil iarratas faighte aige bualadh le toscaireacht traspháirtí de bhaill an Oireachtais i nGaillimh Thiar maidir le Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus, má tá, cén uair a bheidh an cruinniú ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18303/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Táim feasach ar na cúraimí atá curtha in iúl ag an bpobal scoile dá dtagraíonn an Teachta agus fuair mé comhfhreagras ón bPríomhoide le linn mo chuairte ar Ghaillimh le déanaí. Bhuail oifigigh as Aonad Pleanála agus Tógála mo Roinne le Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus le scoileanna eile na háite le déanaí chomh maith.

Barr
Roinn