Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Caipitiúil

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 June 2012

Tuesday, 19 June 2012

Ceisteanna (319)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

407 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an caiteachas caipitiúil faoi gach fomhír de na meastacháin go dáta, cad í an sprioc chaiteachais go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29393/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá leithdháiltí caiteachais mo Ghrúpa Vóta ag leibhéal fo-mhírchinn foilsithe sna Meastacháin Athbhreithnithe agus tá próifílí caiteachais foilsithe don bhliain 2012 ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Airgeadais. Mar áis tagartha tá leithdháiltí mo Roinne ag leibhéal fo-mhírchinn ar fáil ag an nasc thíos:http://per.gov.ie/estpubexp2012/. Is féidir breathnú ar chaiteachas maidir le próifílí foilsithe do mo Ghrúpa Vóta tríd an nasc seo a leanas: http://www.finance.gov.ie/documents/exchequerstatements/2012/analspendMay2012.pdf.

Mar eolas don Teachta, ar an 31 Bealtaine, 2012, sheas caiteachas caipitil mo Roinn thart ar €9.7m. Léiríonn sé seo thart ar 91% den phróifíl foilsithe agus 23% den leithdháileadh REV de €43m.

Mar a thuigeann an Teachta, ar ndóigh, cé go ndéantar monatóireacht agus bainistiú ar bhonn rialta ar chaiteachas mo Roinnse i gcoibhneas le próifíl ag leibhéal fo-mhírchinn, bíonn figiúirí caiteachais leanúnacha dá leithéid sealadach agus faoi réir phromhadh inmheánach trí chóras bainistíochta airgeadais mo Roinn agus, ar deireadh, faoi réir phromhadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Dá mbeadh tuarascálacha mionsonraithe inmheánacha ar chaiteachas ag leibhéal fo-mhírchinn le foilsiú roimh dheireadh bliana, feictear dom go mbeadh breis promhaidh ag teastáil, chomh maith le méid díréireach ama agus oibre ar bhonn leanúnach, agus go mbeadh sé deacair cás a shuíomh dó sin.

Barr
Roinn