Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Imeachtaí Comóraidh

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 June 2012

Tuesday, 19 June 2012

Ceisteanna (320)

Ceist:

408 D’fhiafraigh Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go mbeidh ról ag eagraíochtaí pobail a bhí lárnach in Éirí Amach na Cásca 1916 sa cheiliúradh oifigiúil a bheidh ar siúl sa bhliain 2016 mar chuid den chomóradh 100 bliain; an gcinnteoidh sé go mbeidh an Ghaeilge san áireamh agus, go deimhin, chun tosaigh in imeachtaí comórtha 1916; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29507/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuimseoidh an clár comóraidh do na Deich mBliana d'Ócáidí Comóraidh Céad Bliain ó 2012 go 2022 roinnt tionscnamh agus imeachtaí oifigiúla á n-eagrú ag údaráis áitiúla, institiúidí cultúrtha, cumainn náisiúnta agus grúpaí pobail.

I gcomhráite i Seanad Éireann le déanaí maidir leis na socruithe comóraidh do na blianta atá amach romhainn, chuir mé in iúl go mbeinn ag scríobh go luath ag cumainn chultúrtha náisiúnta ar leith, ag iarraidh ar gach ceann acu a machnamh a dhéanamh ar a suntas speisialta le linn na tréimhse seo den stair agus an méid a d'fhéadfaidís a chur leis an gclár comóraidh do na Deich mBliana d'Ócáidí Comóraidh Céad Bliain agus go háirithe ar Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca in 2016. Chun deis a thabhairt i gcomhair comhairliúcháin laistigh de struchtúir náisiúnta na n-eagraíochtaí sin, bheinn breá sásta bualadh leo san fhómhar. Ní mór dom a rá freisin go bhfuil socruithe á ndéanamh i láthair na huaire do réamh-chomhráite le Conradh na Gaeilge i ndáil leis seo.

Barr
Roinn