Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 November 2012

Tuesday, 13 November 2012

Ceisteanna (422)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

422. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh reachtaíocht ag teastáil le deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha ó tharla go bhfuil an Coimisiún luaite in Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49604/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a d’fhógair mé go poiblí ar 31 Deireadh Fómhair 2012, tá cinneadh déanta ag an Rialtas faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go dtiocfaidh coiste saineolaithe a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono in áit an Choimisiúin Logainmneacha.

Chuaigh téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha deireanach in éag ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Tá oifigigh mo Roinne ag obair i láthair na huaire ar chritéir a fhorbairt don choiste saineolaithe nua agus táthar ag súil go mbeifear ag lorg léirithe spéise sna seachtainí atá amach romhainn.

Ar ndóigh, teastóidh leasú ar Chuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chomh fada agus a bhaineann sé leis an chur chuige chun ordú logainmneacha a dhéanamh agus tá súil agam go mbeifear in ann céimeanna dá réir a ghlacadh go luath.

Question No. 423 answered with Question No. 421.
Barr
Roinn