Mar is eol don Teachta, tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman, mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Tar éis don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar 31 Deireadh Fómhair 2012 ar an dul chun cinn atá déanta go dáta faoin bplean, tháinig an Rialtas ar chomhaontú ar réimse gníomhartha athchóirithe atá le cur i bhfeidhm faoin bplean.
Is iad seo a leanas na gníomhartha atá á i gceist i ndáil le hOifig an Choimisinéara Teanga:
- Déanfar Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.
- Aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe.
- Leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Tá mo Roinnse ag obair leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun an cónascadh seo a chur i bhfeidhm. Breathnófar ar cheisteanna a bhaineann le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhthéacs an phlé sin leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.