Cuireann an Clár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cósta agus Chuanta Iascaigh, a ndéanann mo Roinnse riaradh air ar bhonn bliantúil, maoiniú ar fáil d’oibreacha caipitil ag sé Ionad Cuain Iascaigh lena n-áirítear Ros an Mhíl.
Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas ar chlár céimithe d’fhorbairt infreastruchtúir ag Ionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl faoinar déanadh infheistíocht shuntasach (suas le €14 milliún) sa chuan. Infheistíocht faoinar déanadh báisín an chuain a dhreidgeáil, pontúin nua-aimseartha do bháid farantóireachta a dhéanamh agus a fheistiú a chuireann áit bordála den chéadscoth ar fáil do mhuintir Árann agus do chuairteoirí chomh maith leis an gcuan a réiteach ina chuan d’árthaigh bheaga. Ó bhliain go bliain a leithroinntear maoiniú faoin gClár Forbartha Caipitil Cósta agus Chuanta Iascaigh de réir mar a bhíonn acmhainní Státchiste ar fáil. Breithnítear tionscadail, lena n-áirítear cé domhain-uisce ag Ionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl, do mhaoiniú gach bliain de réir an mhaoinithe Státchiste a bhíonn ar fáil chomh maith le tionscnaimh eile tús áite a bheadh i gcomórtas leo.