Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Air Services Provision

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 January 2013

Wednesday, 16 January 2013

Ceisteanna (563, 564)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

563. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar tairiscintí le haghaidh na seirbhíse aeir go dtí na hOileáin Árann a logáil ó tharla go dtagann deireadh leis an gconradh reatha ag deireadh mhí Lúnasa [1196/13]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

564. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist síneadh a chur leis an gconradh seirbhíse aeir go dtí na hOileáin Árann [1197/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé ceisteanna 563 agus 564 le chéile.

Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn ag scrúdú na ceiste a bhaineann le hathnuachan an chonartha don tseirbhís aeir do na hOileáin Árann. Tá an scrúdú sin á dhéanamh i gcomhthéacs na gconarthaí uile atá ag mo Roinn do sheirbhísí iompair do na hoileáin agus i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ag mo Roinn do na seirbhísí sin. Déanfar cinneadh maidir leis an tseirbhís aeir go luath.

Barr
Roinn