Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013

Wednesday, 30 January 2013

Ceisteanna (4)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

4. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an aersheirbhís go dtí Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4590/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (13 píosaí cainte)

Beidh an conradh reatha ceithre bliana chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ag teacht chun deiridh ar 31 Lúnasa 2013. Ina theannta sin, tá conradh eile ag mo Roinn chun bainistiú a dhéanamh ar na haeradróim ar na hoileáin agus tiocfaidh deireadh leis an gconradh sin ar an dáta céanna. Cosnaíonn na seirbhísí sin beagnach €2 milliún ar mo Roinn in aghaidh na bliana. Is ionann é sin agus timpeall an tríú cuid de bhuiséad reatha mo Roinne do na hoileáin ábhartha go léir.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag scrúdú na roghanna éagsúla a fheictear di a bheith aici i ndáil leis na seirbhísí seo. I measc na roghanna seo, tá rogha chun síneadh a chur leis na conarthaí atá i bhfeidhm faoi láthair. Táim ag súil go mbeidh mé in ann an chinnidh maidir leis seo a fhógairt faoi dheireadh mhí Feabhra ar a dhéanaí.

Ag deireadh an lae, beidh an cinneadh i leith na seirbhíse seo le tógáil i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil do mo Roinn le fóirdheontais a thabhairt do sheirbhísí éagsúla iompair do na hoileáin ábhartha go léir. D'fhógair mé sa Teach seo i mí na Nollag 2012 go raibh allúntas de €5.9 milliún i maoiniú reatha ar fáil do na hoileáin in 2013. Ar ndóigh, ní miste a nótáil go bhfuil an figiúr seo faoi réir na Meastachán Athbhreithnithe a bheith foilsithe agus faofa i dtráth cuí.

Is cosúil go bhfuil an tAire Stáit ag cur an airgid ann i dtosach agus ag déanamh na gcinntí ina dhiaidh sin. Tá fíor-thábhacht ag baint leis na seirbhísí seo. An aontódh an tAire Stáit go mbraitheann an méid a chaithfidh sé a chaitheamh ar sheirbhísí ar oileáin ar dhaonra na n-oileán agus cé chomh fada amach san fharraige agus atá siad, agus go bhfuil na hoileáin Árann píosa fada amach san fharraige, go mor mhór an dá oileán, Inis Meáin agus Inis Oírr? An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom cén costas a bhaineann leis na conarthaí báid ar fad chuig na hoileáin sa bhliain 2013?

Tuigim go bhfuil na hoileáin Árann i bhfad i bhfarraige agus tá a fhios agam go mbíonn an Teachta ann go minic. Bhí mé féin ansin cúpla uair sula gceapadh mar Aire Stáit mé agus is cinnte go raibh mé ar gach oileán acú ón am a ceapadh mé. Aontaím ar fad cé chomh tábhachtach agus atá sé go gcaithfidh na seirbhísí atá acu a choinneáil oiread agus is féidir. Tá deacrachtaí eacnamaíochta againn agus sin an fáth gur throid muid agus gur éirigh linn an €5.9 milliún céanna a fháil don bhliain reatha agus a bhí againn anuraidh, cé go raibh ciorruithe in go leor rannóga. D’éirigh linn é sin a choinneáil mar táimid ag tabhairt tosaíochta do na hoileáin.

Maidir le hoileáin atá i bhfad i bhfarraige, tá oileáin i mo dháilcheantar féin atá i bhfad i bhfarraige chomh maith, macasamhail Oileán Thoraí, a bhfuil daoine ina gcónaí iontu chomh maith.

Maidir leis an airgead, de ghnáth cosnaíonn an t-aer-sheirbhís agus na rudaí uilig a bhaineann leis sin thart faoi €2 milliún. Anuraidh chosain an chuid eile €1.6 milliún. I mbliana níl an íogair achomair acmhainní againn (&).

Chuir an Teachta ceist faoi chostas farantóireachta chomh maith.

Cad é an costas a bhaineann leis na conarthaí bád atá ag an Roinn go dtí na hoileáin i mbliana?

Thug mé costas don bhliain seo caite.

Bhí na conarthaí sínithe roimh-ré.

Dúirt mé €1.6 milliún.

Bhí na conarthaí bád go dtí na hoileáin ar fad ag an Roinn agus caithfidh go bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cé mhéad a chosnóidh sé sin sa bhliain 2013. Cé mhéad atá ann?

Tá a fhios againn cé mhéad a chosain siad anuraidh - €1.6 milliún – agus i mbliana beidh athrú beag agus mar atá a fhios ag an Teachta mar bhí seo sna meáin chumarsáide Gaeilge, cé gur tairgeadh conarthaí d’Inis Mór, an duine atá i bhfeighil na seirbhíse sin, níor chuir sé tairscint chonartha isteach. Mar sin, tá athrú air chomh fada agus a bhaineann sé le hInis Mór.

Ní bhfuair mé freagra ar an gcéad cheist fós. Na conarthaí atá ag an Roinn le haghaidh bád farantóireachta chuig na hoileáin, cé mhéad a chosnóidh siad i mbliana? Caithfidh go bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cé mhéad a chosnóidh sin. Mura bhfuil a fhios aige, an bhfuil sé in ann an t-eolas a chur chugam?

Ní raibh sin sa fhreagra ach cuirfimid an t-eolas ar aghaidh chuig an Teachta chomh luath agus is féidir.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit.

Barr
Roinn