Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhí Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013

Wednesday, 30 January 2013

Ceisteanna (5)

Peadar Tóibín

Ceist:

5. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gcónascadh atá beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman; cad iad na himpleachtaí a bheidh ag an gcinneadh sin d'fhostaithe Oifig an Choimisinéara; agus an leagfaidh sé amach na hathruithe atá beartaithe sna míonna atá le teacht de bharr an chinnidh sin. [4821/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug me ar Cheist Dála Uimhir 45 ar 28 Samhain 2012 faoin ábhar seo.

Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Tar éis don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar 31 Deireadh Fómhair 2012 ar an dul chun cinn faoin bplean, d'aontaigh an Rialtas réimse gníomhartha athchóirithe atá le cur i bhfeidhm. Is iad seo a leanas na gníomhartha atá i gceist maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga. Déanfar Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe. Leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá mo Roinnse i mbun plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na céad céimeanna eile chun an cónascadh seo a chur i bhfeidhm. Breathnófar ar cheisteanna a bhaineann le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhthéacs an phlé sin. Mar fhocal scoir, ní miste a rá gur cúis sásaimh domsa é go mbeidh Coimisinéir Teanga atá ceaptha go reachtúil lonnaithe sa Ghaeltacht i gcónaí mar thoradh ar chinneadh an Rialtais sa chás seo.

Deputy Tóibín has been delayed. I, therefore, call Deputy Aengus Ó Snodaigh.

D'fhág an Teachta Tóibín roinnt ceisteanna a bhí sé ag iarraidh a chur ar an Aire Stáit. Tá roinnt acu freagartha cheana féin, maidir leis an seasamh a bheidh ag an gCoimisinéir Teanga.

An mbeidh an Coimisinéir Teanga neamhspleách ina iomlán. Tá an t-Aire Stáit tar éis a rá go mbeidh sé tofa go reachtúil ach go mbeidh na cumhachtaí ar fad ag an Ombudsman agus go dtabharfar iad don choimisinéir le hobair. An bhfuil an coimisinéir neamhspleách go hiomlán?

Bhí próiseas comhairleacháin le bheith i gceist maidir leis an chónascadh seo. Tá an t-Aire Stáit tar éis roinnt den toradh ar an bpróiseas sin a lua. Beidh ar an dá oifig obair le chéile amach anseo. An bhfuil sé leagtha amach go hiomlán cá bhfuil an fhoireann chun a bheith lonnaithe. Dúirt an t-Aire Stáit go mbeidh an Coimisinéir Teanga thiar sa Ghaeltacht. An mbeidh an fhoireann ar fad lonnaithe ann, nó an mbeidh roinnt acu curtha go Baile Átha Cliath?

Cén fáth nach raibh Emily O'Reilly, an Ombudsman, nó an coimisinéir féin gafa leis an bpróiseas comhairleacháin?

Ciallaíonn an méid adúirt an t-Aire Stáit go mbeidh cónascadh ag tarlú ach go mbeidh an dá oifig neamhspleách. Cad é an buntáiste don Stát nó don dá sheirbhís a thiocfaidh as an gcónascadh? Luaigh na hAirí go mbeidh buntáistí ann ó thaobh chaiteachas airgid de ach ní fheicim aon buntáiste ins an méid atá luaite ag an Aire Stáit go fóill maidir le sábháil airgid nó maidir leis na dualgais atá ann faoi láthair.

Ní sábháilt airgid amháin atá i gceist ar chor ar bith. Dúirt mé, i bhfreagra eile, nach bhfuil an oiread sin sábháil ó thaobh airgid de. Tá €615,000 a chur ar fáil do Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana, beagnach mar an gcéana agus a bhí ins na blianta a chuaigh romhainn. Mar is eol don Teachta, tá comhthacú á dhéanamh ar go leor eagraíochtaí. Maidir leis an gCoimisinéir Teanga agus Oifig an Ombudsman, córas riaracháin atá i gceist. Is é sin, go mbeadh sé níos foirfe agus, ag an am céanna, go dtarmligfear cumhachtaí chuig an gCoimisinéir Teanga mar atá i láthair na huaire. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh an Coimisinéir Teanga lonnaithe ins an áit ina bhfuil sé anois, go mbeadh a fhoireann lonnaithe ansin chomh maith agus nach mbeadh aon athruithe ar mhodh imeachta nó ar mhodh oibre an Choimisinéara Teanga thar mar atá.

Tá go leor seirbhísí a bheadh siad ábalta a chur ar fáil lena chéile, poiblíocht agus rudaí mar sin. Beidh córas níos éifeachtaí riaracháin ag an dá oifig de bharr an chónascaidh, ach níl sé ag dul a chur isteach ar obair nó ar imeacht laethúil an choimisinéara. Tá sé tábhachtach go dtuigfí é sin.

Ceann des na fadhbanna atá ann maidir le hoifigí Stáit, nach mbíonn Gaeilge ag an chéad duine a labhraíonn leat nuair a chuireann tú glaoch orthu. Má déantar an cónascadh seo, an cinnte go mbeidh Gaeilge ag na daoine a bheas ag déileáil leis an bpobal sa dá oifig, seachas duine ag fanacht ar an nguthán go dtiocfaidh duine le Gaeilge chun labhairt leis, más féidir teacht air?

Tá sé tábhachtach go mbeadh gach Roinn Stáit ábalta freagra a thabhairt más i nGaeilge a chuireann duine den phobal glaoch air. Feicim féin feabhas, fiú amháin ag leibhéal na gcomhairlí contaetha i láthair na huaire. Nuair a chuirim glaoch bíonn an fháilte i nGaeilge agus i mBéarla go minic. Sílim gur dul chun cinn é sin. Nuair a chuireann gnáth shaoránach glaoch ar oifig an Choimisinéara Teanga bheinn ag súil go mbíonn fáilte roimhe agus freagra aige i nGaeilge. Ní fheicim go mbeidh athrú ar bith air sin. Leanfaidh nós imeachta agus modh oibre an choimisinéara mar atá.

Barr
Roinn