Is mian liom a chur in iúl don Teachta go ndeachaidh mo Roinnse i dteagmháil le déanaí le Pobalscoil Chloich Cheannfhaola maidir leis na socruithe gur cuí iad a chur ar bun i gcomhair fheidhmiú na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga i gcás na scoile i gceist. Bainfidh na socruithe sin le soláthar a dhéanamh do leathnú an oideachais trí mheán na Gaeilge chuig leibhéal na hArdteistiméireachta do mhic léinn ón nGaeltacht agus do mhic léinn eile gur rogha leo sin, agus le teacht ar chomhaontú le húdaráis na scoile i gceist go ndéanfar athbhreithniú ar oibriú an chórais oideachais trí Ghaeilge sa scoil tar éis líon comhaontaithe blianta chun a chinntiú go bhfuil ag éirí leis.