Peadar Tóibín
Ceist:106. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dóigh léi go bhfuil a dhóthain airgid ag Údarás na Gaeltachta chun poist a chruthú sa Ghaeltacht. [46861/14]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014
106. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dóigh léi go bhfuil a dhóthain airgid ag Údarás na Gaeltachta chun poist a chruthú sa Ghaeltacht. [46861/14]
Amharc ar fhreagraDírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 4 ar 22 Deireadh Fómhair 2014 faoin ábhar seo. Sa fhreagra sin, thug mé le fios go mbeidh soláthar caipitil de €5.687m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2015, faoi réir na Meastacháin Athbhreithnithe a bheith faofa. Ina theannta sin, beidh a chuid foinsí maoinithe féin ag an Údarás ó dhíol sócmhainní agus infheistíochtaí. Idir airgead an Státchiste agus acmhainní an Údaráis féin, tá mé sásta go mbeidh an tÚdarás ag leanúint orthu ag cruthú post nua sa Ghaeltacht agus ag cosaint na bpost atá ann faoi láthair.
É sin ráite, tuigim go maith go bhfuil togra straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta lena bhuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama ón leibhéal reatha de €5.687m go €12m in aghaidh na bliana. Tuigim fosta go gcuirfeadh méadú mar sin ar chumas an Údaráis 300 post breise a chruthú in aghaidh na bliana. Is mian liom a dheimhniú arís go leanfaidh mé orm ag déanamh cás láidir chun tacú leis an éileamh sin sa tréimhse amach romhainn.