Peadar Tóibín
Ceist:107. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí chun an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa a ardú. [46860/14]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014
107. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí chun an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa a ardú. [46860/14]
Amharc ar fhreagraMar is eol don Teachta, baineann an maolú faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1257/2010 leis an dualgas atá ann dlíthe an AE a dhéantar faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge. Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 ar a dhéanaí, maidir le síneadh a chur nó gan a chur ar feadh tréimhse bhreise leis an mhaolú sin.
Maidir le cúrsaí ateangaireachta i bParlaimint na hEorpa, tuigfidh an Teachta gur ceist í seo don Pharlaimint féin.