Níl an fhaisnéis atá iarrtha ag an Teachta ar fáil toisc nach bhfuil post ar bith laistigh de mo Roinnse a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge mar réamhriachtanas dá chuid.
I gcomhréir lenár gcuid oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 tá mo Roinnse tiomanta don chumarsáid le cliaint ar mian leo a gcuid gnó leis an Roinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá socruithe i bhfeidhm áit ina bhfuil naonúr ball foirne tagtha chun cinn ar bhonn deonach le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna iomchuí lena gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú. Tá an oiliúint seo á soláthar ionas go mbeidh cohórt ball foirne againn ar féidir leo cuidiú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid trí mheán na Gaeilge.
Lena chois sin, dhearbhaigh suirbhé ar bhaill foirne a cuireadh i gcrích in 2012 le heolas a fháil faoi leibhéal an éilimh á bhraistint ag an Roinn ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, gur fíoríseal ar fad líon na gcumarsáidí faighte i nGaeilge le blianta beaga anuas.