Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 May 2015

Thursday, 7 May 2015

Ceisteanna (194)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

194. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aici airgead breise a cheadú do Scoil Bhaile Nua (uimhir rolla 15331H) de bharr costas breise a bheith orthu i dtaca leis an togra tógála atá idir lámha acu a chur i gcrích, rud a eascraíonn as na rialacha nua tógála a chuir an Rialtas seo ar bun; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18063/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I mí Lúnasa 2014, ceadaíodh deontas déabhlóidithe do Scoil Bhaile Nua faoi Scéim Chóiríochta Breise mo Roinne chun rangsheomra príomhshrutha breise amháin agus leithreas d'úsáideoirí cuidithe a chur ar fáil.

Chuir an tÚdarás Scoile iarratas faoi bhráid le déanaí ar mhaoiniú breise chun cloí le Teastais um Shábháilteacht Dóiteáin agus Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas. Táthar tar éis a iarraidh ar an Údarás Scoile tuilleadh eolais a chur ar fáil maidir leis an leibhéal cóiríochta atá molta agus a luaithe is a fhaighfear an t-eolas seo breithneofar an t-iarratas ar mhaoiniú breise.

Barr
Roinn