Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 May 2015

Thursday, 7 May 2015

Ceisteanna (195)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

195. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil áit ar bhord nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) d’ionadaí ó eagraíocht na scoileanna Gaeltachta, ag cur i gcuntas an tábhacht a bhaineann leis an scolaíocht Ghaeltachta do leanaí na Gaeltachta agus don teanga; an bhfuil sé i gceist aici athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18065/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá meas agam ar an dtuiscint agus ar an dtaithí a thugann ionadaithe na scoileanna Gaeltachta go COGG agus an ról atá tar éis a bheith acu maidir leis an obair chuimsitheach atá déanta ag COGG ó bunaíodh í sa bhliain 2002.

I gcomhthéacs an bhunaithe do bhord nua COGG tá roinnt deiseanna ann do scoileanna Gaeltachta ionadaíocht a fháil trí Údarás na Gaeltachta agus trí na trí cheardchumann do mhúinteoirí.

Barr
Roinn