Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Ceisteanna (375)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

375. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21526/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar fhreagra ar an gceist, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil "Scéim Teanga 2015-2018" mo Roinne féin leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi láthair, ag fanacht ar fhaomhadh.  Chomh luath is a tharlaíonn sé seo beidh an scéim foilsithe ar suíomh idirlín na Roinne agus scaipfear é chuig na heagraíochtaí a thagann faoi mo choimirce.  Beidh grúpa bainistíochta sinsearach ag coinneáil fheidhmiú éifeachtach na Scéime Teanga faoi athbhreithniú.

Mar gheall ar nádúr na hoibre sa Roinn, bíonn go leor de na rannáin ag plé go díreach le Ranna Rialtais eile, leis an Aontas Eorpach agus institiúidí airgeadais, leis an Oireachtas agus lena bhfoirne féin.  Ní bhíonn an Roinn ag plé le hardleibhéal teagmháil dhíreach nó scéimeanna agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine den phobal.  In ainneoin seo, déanann mo Roinn monatóireacht leanúnach ar an leibhéal éilimh atá ann ar sheirbhísí trí Ghaeilge chun a chinntiú go bhfuil na riachtanais ar fad á gcomhlíonadh.  Tá seachtar ball den fhoireann in ann obair na Roinne a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus cé is cosúil go bhfuil an uimhir sin íseal, comhlíonann sé na héilimh atá ann faoi láthair laistigh de mo Roinn. Beidh seirbhísí nach mór dúinn tiomanta do sheachadadh i nGaeilge faoi Scéim Teanga ar an gcaighdeán céanna leis na seirbhísí a ghlac an Roinn maidir le seachadadh seirbhísí dár gcustaiméirí. 

Barr
Roinn