Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Ceisteanna (376)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

376. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil sé i gceist aige leagan dátheangach a chur ar fáil den ábhar maidir leis an gclár brústocaireachta a bhaineann le heagraíochtaí brústocaireachta; an mbeidh deis ag eagraíochtaí ar mian leo é clárú i nGaeilge ar an gclár seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21532/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta, is é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as cur chun feidhme an gClár Brústocaireachta 2015. Forálann Alt 9 den Acht go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an Clár Brústocaireachta a bhunú agus a choimeád ar bun.  Deir an tAcht in Alt 10(2) go ndéanfar an Clár a choimeád i gcibé foirm is cuí leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.

Cuirfear tús leis An Bille um Brústocaireacht a Rialáil ar 1 Meán Fómhair, 2015.  Tá mo chuid oifigigh ag obair go dlúth leis an gCoimisiún um Chaighdeáin chun ullmhú do thosú na reachtaíochta. Mar sin féin, is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin agus comhlacht nach bhfuil feidhm dhíreach agam air.

Tugaim faoi deara gur comhlacht poiblí é an Coimisiún um Chaighdeáin. Ní mór dóibh cloí le riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar ndóigh táim cinnte go ndéanfaidh siad amhlaidh.  Tuigim go bhfuil rún ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbeidh gach ábhar ábhartha agus riachtanach chun cabhrú le comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta ar fáil ar an suíomh i nGaeilge. Tuigim freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbeidh éinne ar mian leo a chlárú nó tuairisceán a chomhdú i nGaeilge a bheith in ann é sin a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi pleananna an Choimisiúin um Chaighdeáin, ba mhaith liom a mholadh do pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin go díreach.  Ba mhaith liom freisin go rachaidh siad i gcomhairle leis an láithreán gréasáin ag www.lobbying.ie, a seoladh ar an 30 Aibreán 2015, chun deis a thabhairt do cláraithe a bheith eolach ar an gcóras.

Barr
Roinn