Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Ceisteanna (683)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

683. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21524/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá freagracht ar an Roinn seo as beartas sláinte a cheapadh agus é a chur chun feidhme. D’fhormheas an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim Teanga na Roinne maidir le seirbhísí atá ar fáil ón Roinn tríd an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá an scéim ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Is aistrithe go hiomlán go Gaeilge atá an fhaisnéis ar fad eile faoi eagrúchán agus faoi fheidhmeanna na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus aistrítear gach preasráiteas go Gaeilge laistigh de 24 uair. Tá freagracht reachtúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as seirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta a chur ar fáil don phobal agus tá freagracht reachtúil dhíreach ar na Gníomhaireachtaí Stáit atá ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne freisin as seirbhísí eile atá bainteach le sláinte a chur ar fáil. I dtaca leis na bearta atá á ndéanamh ag FSS, d’iarr mé ar FSS freagra díreach a thabhairt duit faoin ábhar. Mura bhfuil freagra faighte agat ó FSS laistigh de 15 lá oibre, déan teagmháil le m’Oifig Phríobháideach agus fiosrófar an t-ábhar léi. Maidir leis na gníomhaireachtaí eile faoi choimirce na Roinne, is é an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin/an Cláraitheoir/an Stiúrthóir lena mbaineann an duine atá freagrach as ábhair oibriúcháin den chineál sin agus d’iarr mé ar na gníomhaireachtaí freagra a thabhairt duit go díreach ar an ábhar.

Barr
Roinn