Tá na socruithe foirnithe do bhunscoileanna don scoilbhliain 2015/16 leagtha amach i gCiorclán na Roinne 0005/2015 atá le fáil ar shuíomh idirlín mo Roinne.
Leagtar amach sa chiorclán na feabhsúcháin ar an sceideal foirnithe do scoileanna beaga sa scoilbhliain 2015/16. Is iad na feabhsúcháin seo ná tairseacha feabhsaithe coinneála don 2ú, don 3ú agus don 4ú múinteoir rangsheomra agus, ina theannta sin, na tairseacha feabhsaithe ceapacháin agus coinneála do scoileanna aon oide amháin atá scartha amach ó scoileanna eile.
Aithnítear ach go háirithe leis na feabhsúcháin seo na dúshláin atá roimh scoileanna an-bheaga atá achar níos mó ná 8km ón scoil den chineál céanna is gaire dóibh.
Soláthrófar slándáil leis an bpacáiste beart seo do phobail tuaithe maidir le todhchaí a gcuid scoileanna beaga, agus aitheantas tugtha don fheidhm riachtanach a bhíonn ag scoileanna beaga, go háirithe i bpobail atá scartha amach leo féin.
Níl aon athruithe eile á ndéanamh agam ar na socruithe foirnithe do bhunscoileanna sa scoilbhliain 2015/16 ach na feabhsúcháin seo amháin ar an Sceideal Foirnithe do scoileanna beaga.