Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 June 2015

Tuesday, 30 June 2015

Ceisteanna (705)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

705. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil aon scéim teanga daingnithe ag a Roinn leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus cathain a bheidh ceann aontaithe. [25946/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Eisíodh litir chuig an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar an 22 Meitheamh 2015 inar iarradh ar an chomhlacht poiblí sin dréachtscéim teanga a ullmhú faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. I gcomhréir leis an reachtaíocht, tá tréimhse sé mhí tugtha don chomhlacht poiblí chun an dréachtscéim a ullmhú.

Barr
Roinn