Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 July 2015

Tuesday, 7 July 2015

Ceisteanna (509)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

509. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na socraithe atá déanta aici lena chinntiú go bhfuil clár cuimsitheach ábhar ar fáil ag an 200 scoláire atá ag freastal ar scoileanna dara leibhéal ar na hoileáin; cad iad na céimeanna atá i gceist aici a ghlacadh le cúrsaí a fheabhsú; cad iad na hiarratais ina leith seo atá faighte ón GRETB agus ó DETB; cén cinneadh a rinneadh ar na hiarratais seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27447/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tugann mo Roinnse faomhadh do na leithdháiltí múinteoirí ar na scoileanna dara leibhéal ar fad de réir rialacha seanbhunaithe atá bunaithe ar an líon daltaí aitheanta ar an rolla. Cuirtear na critéir do phoist a leithdháileadh in iúl do lucht bainistíochta na scoileanna gach bliain agus tá siad ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne. I dteannta le leithdháiltí múinteoirí atá bunaithe ar an mór gcóir ar chóimheasa daltaí le múinteoir, leithdháiltear aon phost múinteoireachta amháin lasmuigh den chuóta ar scoileanna Oileáin. De réir na socruithe foilsithe foirnithe ceanglaítear ar gach aon údarás bainistíochta scoile a cuid roghanna ábhair a eagrú laistigh dá leithdháileadh faofa múinteoirí. Faoin údarás bainistíochta scoile atá sé sa chéad ásc foireann múinteoireachta a imlonnú sa scoil, cinneadh ar an raon ábhar a thairgtear agus faoi dheoidh freagracht a ghlacadh as an gcaighdeán múinteoireachta agus foghlama sa scoil.

Ag an iar-bhunleibhéal agus de réir na socruithe atá ann faoi láthair, áit nach mbíonn údarás bainistíochta scoile in ann a chuid tiomantas curaclam a chomhlíonadh laistigh dá leithdháileadh faofa, breithníonn mo Roinnse iarratais ar thacaíocht bhreise ghearrthéarma i.e., lamháltais churaclaim. Bíonn gá le tacaíocht ghearrthéarma (ar feadh bliana amháin de ghnáth ach gan dul thar 2/3 scoilbhliain) chun cur ar chumas an údaráis scoile freagairt ar dheacracht atá sainaitheanta le freastal ar na tiomantais curaclam fíor-riachtanacha i leith na ndaltaí laistigh den ghnáth-leithdháileadh foirne.

Leagtar amach mionsonraí ar phróiseas an lamháltais churaclaim in éineacht leis na critéir leithdháilte post agus tá siad seo ar fáil chomh maith ar an suíomh idirlín.

Tá sás achomharc san áireamh sa phróiseas leithdháilte chomh maith faoinar féidir le scoileanna achomhairc a dhéanamh in aghaidh an leithdháilte atá ag dul dóibh faoi na sceidil foirnithe. Tá na nósanna imeachta maidir le hachomharc leagtha amach sna socruithe foilsithe foirnithe chomh maith. Feidhmíonn an Bord Achomharc go neamhspleách ar an Roinn agus ní bhíonn dul thar a bhreith.

Maidir leis an dá scéim de chuid an Bhoird Oideachais agus Oiliúna ar thagair an Teachta dóibh, d'éirigh leis an dá scéim sin leithdháiltí breise a fháil ag céim na Lamháltas Curaclaim agus Achomhairc de Phróiseas Leithdháileacháin 2015/2016. Cuireadh scéala faoin leithdháileadh breise in iúl do Phríomhfheidhmeannach na Scéimeanna sin sa Leithdháileachán is déanaí a eisíodh, i mí an Mheithimh.

Leis an gcur chuige atá ag an Rialtas i leith an gheilleagair a athshlánú tá Éire tagtha ar ais chuig staid ina bhfuil fás geilleagrach le feiceáil. Is de bharr feabhsaithe leanúnaigh ar an bhfás geilleagrach againn thar tréimhse mharthanach a bheimid in ann gluaiseacht ar aghaidh chuig pointe ag a bhféadfaimid machnamh arís ar acmhainní breise múinteoireachta a chur ar fáil i scoileanna, lena bhféadfaí tuilleadh feabhsúchán ar an gcóimheas daltaí le múinteoir, méid na ranganna agus tacaíocht do mhúinteoirí rangsheomra a chur i gcrích.

Is é an dúshlán atá roimh na scoileanna go léir ná a chinntiú go mbaineann siad leas as na hacmhainní atá leithdháilte dóibh a fheabhas is féidir chun na torthaí múinteoireachta agus foghlama a uasmhéadú.

Barr
Roinn