Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 July 2015

Tuesday, 7 July 2015

Ceisteanna (510)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

510. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad atá i gceist aici a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh sé tarraingteach do mhúinteoirí múineadh sna scoileanna dara leibhéal ar na hoileáin; an bhfuil sé i gceist aici tuilleadh postanna lánaimseartha a chur ar fáil sna scoileanna seo; an bhfuil sé i gceist aici freisin an liúntas oileánda a thabhairt ar ais do mhúinteoirí oileánda nach bhfaigheann an liúntas sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27448/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tar éis athbhreithniú ar liúntais agus ar íocaíochtaí préimhe a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe trasna na seirbhíse poiblí thug an Rialtas faomhadh i 2012 do roinnt beart maidir le liúntais sa tseirbhís phoiblí. Mar thoradh air seo rinneadh na liúntais Oileán agus Gaeltachta do mhúinteoirí tairbhíocha a aistarraingt le héifeacht ó 1 Feabhra 2012. Leantar ag íoc an liúntais le haon mhúinteoir a bhí i dteideal an liúntais Oileáin ar 31 Eanáir 2012 ach amháin má thagann deireadh le ról an mhúinteora sa phost sin nó má athraíonn an scoil nó an fostaí i ndiaidh Feabhra 2012. Nuair a déantar múinteoir a athimlonnú faoin scéim athimlonnaithe atá aontaithe, ní bhreathnaítear air sin mar dheireadh róil.

Tugann mo Roinn faomhadh go bliantúil don leithdháileadh múinteoirí do gach scoil de réir na rialacha atá i bhfeidhm bunaithe ar an rollú daltaí aitheanta. Déantar na critéir do dháileadh post a chur in iúl do bhainistíocht scoileanna go bliantúil agus tá fáil orthu seo ar láithreán greásáin mo Roinne.

Ag an iar-bhunleibhéal agus mar aon leis an leithdháileadh múinteoirí a bhíonn bunaithe go príomha ar chóimheas daltaí le múinteoir, cuirtear leithdháileadh aon phost amháin lasmuigh den chuóta ar fáil freisin do scoileanna Oileán. De réir na socruithe atá foilsithe faoin leithdháileadh foirne is gá do gach bainistíocht scoile a roghanna ábhar a riar laistigh den socrú aontaithe don líon múinteoirí leithdháilte. Baineann dáileadh na foirne teagaisc sa scoil, raon na n-ábhar a bhíonn ar fáil agus, i ndeireadh an lae, cáilíocht an teagaisc agus na foghlama leis na húdaráis bhainistíochta scoile i dtús báire.

Ag an iar-bhunleibhéal agus de réir na socruithe atá ann faoi láthair, muna mbíonn ar chumas bainistíocht scoile na tiomantais curaclam atá ag an scoil a shásamh laistigh den leithdháileadh aontaithe, déanann mo Roinn iarratais do thacaíocht ghearrthréimhse breise a mheas i.e., lamháltais curaclam. Bíonn gá le tacaíocht ghearrthréimhse (bliain amháin de ghnáth ach gan 2/3 bliana scoile a shárú) chun a chur ar chumas údarás na scoile an deacracht a aithnítear maidir le tiomantas riachtanach curaclaim a shásamh laistigh den ghnáth-leithdháileadh foirne. Tá cur síos ar na mionsonraí a bhaineann le próiseas an lamháltais do leithdháileadh post ar an láithreán gréasáin freisin.

Áirítear mar chuid den phróiseas leithdháilte cur chuige don achomharc inar féidir le scoileanna achomharc a dhéanamh i gcoinne an leithdháilte atá ag dul dóibh faoi na sceidil foirnithe. Tá na nósanna imeachta don achomharc leagtha amach freisin sna socruithe atá foilsithe don fhoirniú. Feidhmíonn Bord na nAchomharc go neamhspleách ar an Roinn agus breith chríochnaitheach a bhíonn i gceist ansin.

Barr
Roinn