Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 December 2015

Thursday, 3 December 2015

Ceisteanna (281)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

281. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na comhráite a bhí aici le páirtithe leasmhara go dtí seo maidir leis an gconradh nua don tSeirbhís Aeir go dtí Oileáin Árann a bheidh á chur amach ar tairiscint an bhliain seo chugainn; cé leis a raibh na comhráite; cén toradh a bhí orthu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43349/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinn i ndáil leis an Oifig um Sholáthar Rialtais le tabhairt faoi phróiseas soláthar poiblí d’fhonn conradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann a aontú. Tá an réamhullmhúchán don phróiseas sin tosaithe cheana féin agus mar chuid dó beidh cruinniú idir oifigigh na Roinne agus ionadaithe ó na hoileáin inniu, an 3ú Nollaig. Is é seo an chéad cruinniú leis na hionadaithe maidir leis an bpróiseas úr agus táim muiníneach go mbeidh sé tairbhiúil don dá thaobh.

Barr
Roinn