Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 December 2015

Thursday, 3 December 2015

Ceisteanna (284)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

284. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an líon post in Údarás na Gaeltachta atá folamh, cad iad na poist atá i gceist, cé chomh fada is atá siad folamh agus cad iad na céimeanna atá á nglacadh aici chun na folúntais a líonadh. [43352/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil líon iomlán foirne na heagraíochta ag an leibhéal atá údaraithe dóibh faoin gCreat um Rialú Fostaíochta agus dá réir sin níl aon fholúntas inlíonta san eagraíocht faoi láthair.

Barr
Roinn