I dtosach báire, ba chóir dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil Foras na Gaeilge mar áisíneacht den fhoras forfheidhmithe trasteorann, An Foras Teanga. Dá réir sin, tá na socruithe foirne cuí leagtha amach san Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Go hachomair, tá Foras na Gaeilge freagrach as an gcúram earcaíochta faoi réir an líon agus struchtúr foirne atá ceadaithe ag na hAirí Airgeadais sa dá dhlínse agus an Chomhrúnaíocht Aireachta Thuaidh Theas.
Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil folúntas ag leibhéal oifigeach feidhmiúcháin san áisíneacht ó mhí Lúnasa 2015 agus go bhfuil na céimeanna cuí ar bun chun an post sin a fhógairt tar éis na Nollag.