Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár Forbartha Tuaithe

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2015

Wednesday, 16 December 2015

Ceisteanna (195)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

195. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil i dteagmháil léi maidir le forbairt na Cé in Inis Oírr, ó tharla go ndúirt sé liom ar an 6ú lá de mhí Dheireadh Fómhair agus ar an 8ú lá de mhí na Nollag go mbeadh sé ag dul i mbun comhráití léi i dtaobh na ceiste seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45612/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go raibh plé iomlán agus fiúntach agam le grúpaí éagsúla ar Inis Oírr nuair a thug mé cuairt ar an oileán sin ar 10 Nollaig. I measc na nithe a pléadh, bhí forbairt na cé ar an oileán, an tseirbhís aeir, cúrsaí iascaireachta agus saincheisteanna eile a bhaineann le saol na n-oileánach. Tá oifigigh ó mo Roinnse i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le forbairt na cé ar Inis Oírr. Mar is eol don Teachta, ar ndóigh, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe cé Inis Oírr.

Barr
Roinn