Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceadúnú Báid Iascaireachta Mara

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 May 2016

Tuesday, 17 May 2016

Ceisteanna (1052)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1052. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil iarratas faighte aige ó ionadaithe poiblí ag lorg go gcasfaidh sé le duine (sonraí tugtha); cén uair a bheidh an cruinniú ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10240/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi mar a d’fhéadfadh bheith ar eolas ag an Teachta Dála, faoin Acht Iascaigh (Leasú), 2003, aistríodh feidhmeanna um cheadúnú báid iascaireachta mara ón Aire go dtí an tÚdarás Ceadúnúcháin um Báid Iascaireachta Mara, a oibríonn ar bhonn neamhspleách faoi réir na gcritéar a leagtar amach san Acht sin agus i dTreoracha Beartais ón Aire. Déanann an tÚdarás Ceadúnaithe breithniú ar gach iarratas ar cheadúnais bháid iascaireachta mara.

Mar an tAire, tá freagracht orm as beartas i dtaca le ceadúnú báid iascaireachta mara faoi Alt 3(3) den Acht Iascaigh (Leasú), 2003, arna leasú ag Alt 99 den Acht um Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, 2006. Sa chomhthéacs seo, agus faoi mar a luaitear thuas, déantar foráil in Alt 3 d’Acht 2003 do threoracha beartais ón Aire a eisiúint don Údarás Ceadúnúcháin um Báid Iascaireachta Mara neamhspleách. Cuirtear cosc orm, áfach, ó “aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i dtaca le haon chás nó aon ghrúpa ar leith cásanna lena bhfuil nó lena bhféadfadh an tÚdarás Ceadúnúcháin a bheith bainteach”.

Níl aon taifid i m’oifig ar iarratas a fháil le roinnt míonna anuas ón ionadaí/na hionadaithe poiblí chun casadh leis an duine dá dtagraíonn an Teachta Dála ach fuarthas uiríll ó dhuine eile ar son an bháid iascaireachta atá i gceist. Ar aon chuma, faoi mar a leagtar amach thuas, mar an tAire, ní féidir liom teagmháil a dhéanamh le húinéir an árthaigh atá i gceist sa cheist seo mar gheall go gcuirtear dianchosc sa dlí orm ó thionchar a imirt ar chásanna ceadúnaithe aonair. Mholfainn, dá mba mhian leis an duine atá i gceist plé breise a dhéanamh ar a iarratas ar leith, gur cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Ceadúnúcháin um Báid Iascaireachta Mara. Tá sonraí teagmhála an Údaráis ar fáil ar láithreán gréasáin mo Roinne.

Barr
Roinn