Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 May 2016

Thursday, 19 May 2016

Ceisteanna (65)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

65. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a íocfar riaráistí pá le múinteoir (sonraí tugtha) ar coinníodh pá uaidh mar nach raibh uimhir aige ón gComhairle Mhúinteoireachta ag an am; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10965/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ní raibh an duine dá dtagraíonn an Teachta cláraithe ar feadh na tréimhse 1ú go dtí 15ú Meán Fómhair 2015. Is é an chaoi a bhfuil an scéal, de réir mar atá sé leagtha amach in Alt 6 de Chiorclán 52/2013 arna eisiúint ag mo Roinnse, i gcás duine neamhchláraithe atá fostaithe mar mhúinteoir i scoil aitheanta agus atá incháilithe lena c(h)lárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, ná nach féidir an duine sin a íoc ó chistí an Oireachtais as an tréimhse ama a raibh sé nó sí neamhchláraithe ar a feadh. Dá réir sin, ní féidir an duine dá dtagraíonn an Teachta a íoc as an tréimhse ama 1ú go dtí 15ú Meán Fómhair 2015

Barr
Roinn