Tá an Roinn seo tiomanta dá chinntiú go soláthraíonn sí an tseirbhís is fearr is féidir, sa dá theanga oifigiúla, dá cuid geallsealbhóirí agus don phobal i gcoitinne araon. De réir bheartas soláthair an Rialtais agus an Aontais Eorpaigh, d'fhoilsigh an Roinn seo creat ilsoláthraithe sa bhliain 2014 chun freastal ar na riachtanais shonracha aistriúcháin atá aici. Fógraíodh an iarraidh ar thairiscintí chun an creat a fhorbairt ar etenders.gov.ie, arb é an tsaoráid lárnach a úsáidfidh gach údarás conarthach san earnáil phoiblí chun deiseanna soláthair agus fógraí dámhachtana a fhógairt. Fógraíodh an iarraidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh freisin.
D'fhonn aistriúcháin ar ardchaighdeán a chinntiú, sonraíodh san iarraidh ar thairiscintí nach mór ceann amháin ar a laghad de na cáilíochtaí seo a leanas a bheith ag baill den chreat:1. Cáilíocht iarchéime in Aistriúchán na Gaeilge ó sholáthraí aitheanta oideachais tríú leibhéal nó a coibhéis (Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí)
2. Creidiúnú mar aistritheoir Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge nó a choibhéis
3. Bunchéim céad onóracha nó dara honóracha ar a laghad dá raibh an Nua-Ghaeilge mar chomhpháirt lárnach agus ar bhronn soláthraí aitheanta oideachais tríú leibhéal í nó a coibhéis (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí).
Ní mór ceann amháin ar a laghad de na cáilíochtaí atá leagtha amach thuas a bheith ag baill den chreat.