Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 October 2016

Tuesday, 11 October 2016

Ceisteanna (324)

Peadar Tóibín

Ceist:

324. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an Rialtas sásta tacú go hoifigiúil le Bliain na Gaeilge, 2018, ina ndéanfar comóradh agus ceiliúradh ar 125 bliana d’athbheochan na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29335/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is eol dom go bhfuil aitheantas oifigiúil á lorg ag Conradh na Gaeilge do Bhliain na Gaeilge 2018 chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar 125 bliana d’athbheochan na Gaeilge. Tá na féidearthachtaí ina leith sin á mbreithniú agam i láthair na huaire agus beidh an cheist le plé tuilleadh ag mo Roinnse le Foras na Gaeilge agus leis an gConradh.

Barr
Roinn