Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na nOibreacha Éigeandála

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 November 2016

Tuesday, 22 November 2016

Ceisteanna (200)

Pearse Doherty

Ceist:

200. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna cathain a dhéanfar cinneadh ar iarratas um oibreacha éigeandála atá curtha faoi bhráid na Roinne ag scoil i gcontae Dhún na nGall (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35823/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinne an scoil a bhfuil an Teachta ag tagairt di iarratas ar mhaoiniú do Dheontas Oibreacha Éigeandála le haghaidh oibreacha scartála agus atógála.

Diúltaíodh don iarratas toisc go bhfuil raon na n-oibreacha lasmuigh de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Deontais Oibreacha Éigeandála.

Rinne an scoil achomharc ar an gcinneadh seo. Tá an t-achomharc á mheas agus eiseofar cinneadh chuig údarás na scoile go luath.

Barr
Roinn