Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 January 2017

Tuesday, 17 January 2017

Ceisteanna (767)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

767. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise an méid ama a thógann sé pleanáil a dhéanamh ar chéanna idir staidéir chomhshaoil agus an phleanáil féin, an bhfuil iarratas déanta ar Chomhairle Contae na Gaillimhe dul ar aghaidh leis an bpleanáil ar an gcéad chéim eile de Ché Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41883/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a míníodh i bhfreagraí ar cheisteanna éagsúla ar an ábhar seo anuraidh, níl na hacmhainní ag mo Roinn faoi láthair chun maoiniú a dhéanamh ar Chéim III de Ché an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin. É sin ráite, mar thoradh ar na cruinnithe a bhí agam le hionadaithe poiblí an cheantair, le hoifigigh ó mo Roinn fhéin agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe tá iarrtha agam ar an Roinn dul i dteagmháil arís leis an gComhairle Chontae maidir leis an réamh-obair a bheidh i gceist i mbliana chun an fhorbairt ar Chéim III a thabhairt chun cinn.

Barr
Roinn