Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 January 2017

Tuesday, 17 January 2017

Ceisteanna (768)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

768. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta céard é an staid reatha maidir le forbairt na cé ar Inis Oírr; céard iad na bearta a chaithfear a dhéanamh sula lorgófar tairiscintí don togra; cén uair atáthar ag súil go mbeifear réidh le tairiscintí a lorg don togra seo; céard é an caiteachas measta ar an togra i mbliana ó thaobh na Roinne de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41884/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Le seachtain anuas, tionóladh cruinniú idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an fhorbairt atá beartaithe ag Cé Inis Oírr a phlé. Táthar ag súil comhairleoirí a fhostú chun an tionscadal a thabhairt chun cinn agus tairiscintí a lorg don obair thógála in 2017. Ní féidir an caiteachas a dhéanfar ar an togra in 2017 a mheas ag an bpointe seo.

Barr
Roinn